We’ve updated our Terms of Use to reflect our new entity name and address. You can review the changes here.
We’ve updated our Terms of Use. You can review the changes here.

Piocadh Faochain

by Colm Seoighe agus na hEasógaí

/
  • Streaming + Download

    Includes unlimited streaming via the free Bandcamp app, plus high-quality download in MP3, FLAC and more.
    Purchasable with gift card

      €2.50 EUR  or more

     

lyrics

Cúrfá:
Gabhfaimid ag piocadh faochain
má bhíonn an lá go breá
Gabhfaimid ag piocadh faochain
thíos ar an trá
Ná bac le na ceanna beaga
mar níl aon mhaith dhuit ann
Gabhfaimid ag piocadh faochain
thíos ar an trá

Spalpaí leis an tart
tá Mike Tom thíos ann
Dúirt sé "níl aon fhaocha thart"
ach bhí a bhuicéad lán
Bhí an t-alas ag titim uaim
dúirt sé "déan go réidh
ní leanfaidh na sliogéisc síos thú sé dtroigh faoin gcré"
Le cúnamh dé

Cúrfá

Bhí mé ann Dé Domhnaigh
bhí mé ann Dé Luain
Chonaic mé na báid mhóra
ag seoladh ar an gcuan
Bhí portáin 's gliomaigh ar fad thar cionn
's beirt yanks gabhte amú
Leis an ngainimh 's leis an ngrian
Shíleá go raibh tú i dTimbukoo

Cúrfá

Muise níl mé ag caint ar sceanna mara
ná ar dhiúlicíní
Níl mé ag caint ar bháirne , a chara
ná ar mhuiríní
Tá na faochain seo breá glan
faoin gcarraigín
tá mo bháidín ar an talamh agam
munach sin théinn ag iascach ronnachaí
Cén dochar!

Cúrfá

Thiar ag tóraíocht béilí
mar a bhí muid fadó
Caith uait an t-imní
caith uait é go deo!

Gabhfaimid ag piocadh faochain
má bhíonn an lá go breá
Gabhfaimid ag piocadh faochain
thíos , thíos , thíos ar an trá
Ná bac le na ceanna beaga
mar níl aon mhaith dhuit ann
Gabhfaimid ag piocadh faochain
thíos ar an trá

credits

released September 23, 2023

license

all rights reserved

tags

about

Colm Seoighe agus na hEasógaí Galway, Ireland

Is banna ceoil nua-aimseartha as Conamara iad na hEasógaí: Colm Seoighe , Daragh Jennings agus Fionn ó Cualáin nach bhfuil cosúil aon bhanna eile.
Tá muid ag iarraidh meascán úr a chruthú idir rock cheol , ceol Gaelach agus stíleanna eile agus beagán craic a bheith againn agus muid á dhéanamh.
... more

contact / help

Contact Colm Seoighe agus na hEasógaí

Streaming and
Download help

Report this track or account

If you like Colm Seoighe agus na hEasógaí, you may also like: